An mionathrú deireanach: an 1 Meitheamh 2026 ( féach ar an leagan roimhe seo )

Téarmaí Seirbhíse Google Merchant Center

Céard atá clúdaithe sna téarmaí seo

B'fhéidir go mbeadh fonn ort gan bacadh le Téarmaí Seirbhíse Lárionad Ceannaithe Google seo, ach tá sé tábhachtach a dheimhniú céard leis is féidir leat a bheith ag súil uainn agus tú ag úsáid Lárionad Ceannaithe Google agus céard leis atá muid ag súil uait chomh maith.

Léiríonn na téarmaí seo an bealach a n-oibríonn Lárionad Ceannaithe Google, na dlíthe a bhaineann lenár gcomhlacht, agus na polasaithe atá leagtha amach chun a chinntiú go mbeidh taithí shábháilte agus shásúil ag ár gcustaiméirí. Mar thoradh air seo, tugann na téarmaí seo cúnamh caidreamh Google leat a shainmhíniú agus idirghníomhaíocht ar bun idir tú agus Lárionad Ceannaithe Google. Mar shampla, tá na hábhair seo a leanas clúdaithe sna téarmaí seo:

  • An bealach a n-úsáideann muid an t-eolas a thugann tú dúinn.
  • Céard leis a bhfuil muid ag súil uait , rud a chruthaíonn rialacha áirithe chun ár seirbhísí a úsáid.
  • Cur síos ar an mbealach a ritheann muid trialacha agus tástálacha béite.
  • Cur síos ar na dualgais agus cearta dlí eile atá agat agus céard leis is féidir leat a bheith ag súil sa gcás go sáraíonn duine éigin na téarmaí seo.

Tá tuiscint ar na téarmaí seo tábhachtach mar caithfidh tú glacadh leis na téarmaí seo chun úsáid a bhaint as ár seirbhísí.

Seachas na téarmaí seo, foilsíonn muid Polasaí Príobháideachais chomh maith.

Is idir Google Ireland Limited (" Google ") agus an páirtí a fhorghníomhaíonn na Téarmaí seo nó a ghlacann leis na Téarmaí seo go leictreonach (" Díoltóir ") atá na Téarmaí Seirbhíse (" Téarmaí ") seo de chuid Google Merchant Center. Leis na Téarmaí seo, rialaítear an úsáid a bhaineann an Díoltóir as Google Merchant Center, lena n-áirítear seirbhísí agus gnéithe gaolmhara agus feidhmiúlacht ghaolmhar (" Seirbhísí ") (i) atá inrochtana ach úsáid a bhaint as an gcuntas/as na cuntais a thugtar don Díoltóir i dtaca leis na Téarmaí seo (" Cuntais ") nó (ii) a chuireann na Téarmaí seo san áireamh de réir tagartha (le chéile, " GMC ").  

  1. GMC a úsáid.   Féadfaidh an Díoltóir sonraí, fothaí nó ábhar eile (" Ábhar ") a chur faoi bhráid GMC ach úsáid a bhaint as modhanna éagsúla, lena n-áirítear APInna Google. Glacann an Díoltóir le hÁbhar a chur isteach ar bhealach a chomhlíonann aon treoir nó aon sonraíocht a chuireann Google ar fáil don Díoltóir. Ní cheanglóidh Google ar an Díoltóir a leithéid sin de threoracha ná de shonraíochtaí a nuashonraíodh a chomhlíonadh ach amháin i ndiaidh dó fógra réasúnta a thabhairtdon Díoltóir. Féadfaidh Google feidhmiúlacht a chur ar fáil lena gceadaítear don Díoltóir Ábhar a easpórtáil, a nascadh nó a aistriú ó GMC chuig seirbhís eile Google, nó Ábhar ó GMC a úsáid ar bhealach eile léi. Sa chás sin, beidh feidhm ag téarmaí agus ag coinníollacha sheirbhís eile Google dá leithéid maidir leis an úsáid a bhaineann an Díoltóir as seirbhís dá leithéid sin, ar choinníoll go leanfaidh an úsáid a bhaineann an Díoltóir as GMC  faoi riail  na Téarmaí seo. Má roghnaíonn an Díoltóir Seirbhísí roghnacha áirithe GMC a úsáid, d'fhéadfadh sé go mbeadh ar an Díoltóir glacadh le téarmaí ar leith a bhaineann go sonrach leis na Seirbhísí sin.  Aithnítear roinnt Seirbhísí GMC mar " Béite " nó mar sheirbhísí nach dtacaítear leo nó atá faoi rún ar shlí eile (" Gnéithe Béite "). Ní fhéadfaidh an Díoltóir aon fhaisnéis a nochtadh ó Ghnéithe Béite ná maidir leo sin ná faoi théarmaí ná faoi láithreacht aon Ghné Béite neamhphoiblí.  Féadfaidh Google nó a Chleamhnaithe Seirbhísí, lena n-áirítear Gnéithe Béite, a chur ar fionraí nó a mhionathrú, nó scor díobh, am ar bith.  Chun críocha na dTéarmaí seo, ciallaíonn " Cleamhnaí " aon pháirtí a rialaíonn Google go díreach nó go hindíreach, atá á rialú ag Google nó atá faoi rialú comhchoiteann le Google ó am go ham.

  1. Cuntas.    Tá an úsáid a bhaineann an Díoltóir as GMC faoi réir cruthú agus faoi réir faomhadh ag Google d'aon Chuntas amháin nó níos mó.  Ar mhaithe le Cuntais a fhíorú, agus ó am go ham maidir leis an úsáid a bhaineann an Díoltóir as GMC, d'fhéadfadh faisnéis bhreise, lena n-áirítear ainm, uimhir ghutháin, seoladh agus fearainn ábhartha ar le heintiteas dlíthiúil iad, a bheith ag teastáil ó Google. Tá an Díoltóir freagrach as an úsáid a bhaineann sé/sí as GMC, lena n-áirítear gach rochtain ar Chuntais agus úsáid na gCuntas sin, Ábhar a chuirtear faoi bhráid GMC trí Chuntais agus ainmneacha úsáideora agus pasfhocail Cuntas a chosaint.

  1. Polasaithe.
  1. Tá an úsáid a bhaineann an Díoltóir as GMC (i) faoi réir pholasaithe infheidhme Google atá ar fáil ag https://support.google.com/merchants/topic/7286989?hl=ga&ref_topic=7259123 agus gach polasaí eile a chuireann Google ar fáil don Díoltóir, de réir mar a d'fhéadfadh Google é a mhionathrú ó am go ham (le chéile, " Polasaithe "), (ii) faoi réir na dTéarmaí seo agus (iii) faoi réir chomhlíonadh an Díoltóra  an dlí/na dlíthe is infheidhme.

  1. Maidir le GMC, (i) comhlíonfaidh Google Polasaí Google maidir le Príobháideachas atá ar fáil ag google.com/policies/privacy  (mar a mhionathraítear é ó am go ham) agus (ii) a mhéid is infheidhme, glacann Google agus an Díoltóir le Téarmaí Cosanta Sonraí Google idir Rialtóirí ag https://privacy.google.com/businesses/gdprcontrollerterms/  nó le hAguisín maidir le Próiseáil Sonraí Google ag https://business.safety.google/processorterms/ , (le chéile " Téarmaí Cosanta Sonraí "). Ní mhionathróidh Google na Téarmaí Cosanta Sonraí, seachas mar a cheadaítear go sainráite faoi na Téarmaí Cosanta Sonraí.

  1. Ábhar an Díoltóra.
  1. Deonaíonn an Díoltóir leis seo ceadúnas neamh-inchúlghairthe, ar fud an domhain, gan ríchíosanna do Google chun Ábhar a úsáid (sa mhéid go bhfuil sé cosanta le cearta maoine intleachtúla) i dtaca le táirgí agus le seirbhísí Google nó le táirgí agus le seirbhísí a Chleamhnaithe ar feadh uastréimhse na gceart maoine intleachtúla sin faoin dlí is infheidhme. Glacann an Díoltóir leis go bhféadfaidh Google na cearta sin a fhocheadúnú dá Chleamhnaithe agus dá chonraitheoirí, a chuireann seirbhísí ar fáil  do Google nó dá Chleamhnaithe, agus d'úsáideoirí Google nó d'úsáideoirí a Chleamhnaithe ionas gur féidir leo Ábhar den sórt sin a úsáid i dtaca le táirgí agus le seirbhísí Google nó i dtaca le táirgí agus le seirbhísí a Chleamhnaithe a úsáid.

  1. Má tá URLanna nó ábhar comhchosúil san Ábhar a chuireann an Díoltóir isteach nó má chláraíonn Google le haghaidh ríomhphoist mhargaíochta an Díoltóra agus má fhaigheann sé rochtain orthu, deonaíonn an Díoltóir leis seo do Google an ceart an URL/na URLanna agus an ríomhphost margaíochta/na ríomhphoist mhargaíochta agus an t-ábhar atá ar fáil trí URL(anna) nó trí ríomhphost margaíochta/ríomhphoist mhargaíochta den sórt sin (" Cinn scríbe ") a innéacsú, a thaisceadh, a ransú nó rochtain a dhéanamh orthu. Mar shampla, féadfaidh Google clár bogearraí uathoibrithe a úsáid chun suíomhanna gréasáin a bhaineann le URLanna den sórt sin agus le ríomhphoist mhargaíochta den sórt sin an Díoltóra a aisghabháil agus a anailísiú.  Glacann an Díoltóir leis go measfar aon ábhar a bhailíonn Google nó a Chleamhnaithe ó Chinn scríbe mar Ábhar agus go gcaithfear leis ar an gcaoi sin de réir na dTéarmaí seo.

  1. Agus GMC in úsáid ag an Díoltóir, tugann an Díoltóir údarás do Google úsáid a bhaint as aon trádmharc, aon trádmharc seirbhíse, aon trádainm, aon lógó dílsithe, aon ainm fearainn agus as aon fhoinse nó as aon aitheantóir gnó eile a bhaineann leis an úsáid údaraithe a bhaineann Google as Ábhar.
  1. Tástáil.   Tugann an Díoltóir údarás do Google agus dá Chleamhnaithe (a) tástálacha a dhéanamh go tréimhsiúil a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar an úsáid a bhaineann an Díoltóir as Seirbhísí (lena n-áirítear mar a bhaineann le Cinn scríbe, cáilíocht, rangú, feidhmíocht, formáidiú nó coigeartuithe eile) gan fógra a thabhairt don Díoltóir, agus (b) aisghabháil agus anailís ar Chinn scríbe a uathoibriú agus faisnéis aitheantais tástála a chruthú chun rochtain a fháil orthu.

  1. Barántaí.
  1. Barántaíonn gach páirtí go bhfuil cumhacht agus údarás iomlán aige/aici comhaontú a dhéanamh maidir leis na Téarmaí seo .
  2. Léiríonn  agus barántaíonn an Díoltóir:
  1. go bhfuil agus go mbeidh na cearta aige/aici na ceadúnais agus na ceadanna a leagtar amach in Alt 4 a dheonú,
  2. nach soláthróidh sé/sí aon Ábhar lena sáraítear Polasaithe, an dlí is infheidhme nó aon pholasaí maidir le príobháideachas is infheidhme, ná lena sáraítear aon cheart maoine intleachtúla tríú páirtí,
  3. go bhfuil gach ceart agus toiliú riachtanach aige/aici le go gcuirfear ar fáil do Google aon fhaisnéis a bhailítear ó dhuine aonair nó faoin duine sin atá faoi réir cosanta faoi dhlíthe nó faoi rialacháin príobháideachais sonraí nó cosanta sonraí agus
  4. go bhfuil an fhaisnéis agus na húdaruithe a chuireann an Díoltóir ar fáil  (lena n-áirítear gach nochtadh riachtanach a bhaineann le táirgí chun tairiscintí Díoltóra a thaispeáint) iomlán, ceart agus reatha agus go bhfanfaidh siad mar sin.
  1. Leagtar amach barántaí na bpáirtithe faoi na Téarmaí seo go sainráite san Alt 6 seo (Barántaí). Faoi réir Alt 7(b) (Eisceachtaí ar Theorainneacha), séanann na páirtithe gach coinníoll, gach baránta agus gach téarma eile nach leagtar amach go sainráite sna Téarmaí seo (lena n-áirítear aon bharánta intuigthe indíoltachta nó oiriúnachta le haghaidh críoch áirithe).
  1. Teorannú ar Dhliteanas.   San Alt 7 seo (Teorannú ar Dhliteanas), ciallaíonn " Dliteanas " aon dliteanas, cibé acu faoi chonradh, tort (lena n-áirítear faillí), nó eile, agus cibé acu a rinne na páirtithe é a thuar nó a bheartú nó nach ndearna.
  1. Teorainneacha.  A mhéid a cheadaítear faoin dlí is infheidhme agus faoi réir Alt 7(b) (Eisceachtaí ar Theorainneacha):
  1. ní bheidh aon Dliteanas ag ceachtar de na páirtithe a eascraíonn as na Téarmaí seo nó a bhaineann leo mar thoradh ar aon ioncam nó ar aon bhrabús a chailltear (cibé acu díreach nó indíreach); ná aon chaillteanas speisialta, indíreach, teagmhasach nó iarmhartach (cibé acu a rinne na páirtithe é a thuar nó a bheartú nó nach ndearna ar dháta theacht i bhfeidhm na dTéarmaí seo); agus
  2. tá Dliteanas iomlán gach páirtí a eascraíonn as na Téarmaí seo nó a bhaineann leo teoranta do €25,000.
  1. Eisceachtaí ar Theorainneacha.  Níl aon ní sna Téarmaí seo lena gcuirtear Dliteanas ceachtar de na páirtithe i leith na rudaí seo as an áireamh ná lena ndéantar iad a theorannú:
  1. bás nó díobháil phearsanta mar thoradh ar a f(h)aillí féin nó ar fhaillí a c(h)uid fostaithe nó a c(h)uid gníomhairí;
  2. calaois nó mífhaisnéis chalaoiseach ;
  3. a (h)oibleagáidí faoi Alt 8 (Slánú); ná
  4. cúrsaí nach féidir Dliteanas a eisiamh  ná a theorannú ina leith faoin dlí is infheidhme.
  1. Slánú.   A mhéid a cheadaítear leis an dlí is infheidhme, cosnóidh agus slánóidh an Díoltóir Google, a Chleamhnaithe, a ghníomhairí agus a cheadúnóirí in aghaidh gach dliteanas, gach damáiste, gach caillteanas, gach costas, gach táille (lena n-áirítear táillí dlí), agus gach speansas a bhaineann le haon imeacht dlí tríú páirtí a mhéid a eascraíonn as Ábhar an Díoltóra, Cinn Scríbe, an úsáid a bhaineann an Díoltóir as GMC nó as a Sheirbhísí gaolmhara nó a mhéid a bhaineann siad sin leo nó aon sárú ar na Téarmaí seo arna dhéanamh ag an Díoltóir.

  1. Foirceannadh.   Forchoimeádann Google an ceart chun rochtain an Díoltóra ar GMC, ar na Seirbhísí nó ar an gCuntas/na Cuntais, nó an úsáid a bhaineann sé/sí astu, a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh (go hiomlán nó go páirteach) ar fhógra scríofa (nó le fógra roimh ré 30 lá ar a laghad más gá de réir an dlí is infheidhme): (a) má sháraíonn an Díoltóir na Téarmaí seo, aon Pholasaí nó aon dlí is infheidhme; (b) má cheanglaítear ar Google é sin a dhéanamh chun ceanglas dlí nó ordú cúirte a chomhlíonadh; nó (c) má chreideann Google go réasúnta go ndéanann iompar an Díoltóra dochar nó dliteanas do thríú páirtí nó do Google. Má chreideann an Díoltóir go ndearnadh a rochtain ar GMC, ar na Seirbhísí nó ar an gCuntas/na Cuntais a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh trí dhearmad, ba cheart don Díoltóir féachaint ar an bpróiseas achomhairc sna Polasaithe. Féadfaidh an Díoltóir na Téarmaí seo a fhoirceannadh am ar bith trína C(h)untas(-ais) a dhúnadh agus gan úsáid a bhaint as GMC a thuilleadh.  

  1. Athruithe ar Théarmaí.   Féadfaidh Google athruithe neamhábhartha a dhéanamh ar na Téarmaí seo am ar bith gan fógra, ach cuirfidh Google réamhfhógra ar fáil maidir le haon athrú ábhartha ar na Téarmaí seo. Ní bheidh feidhm chúlghabhálach ag athruithe ar na Téarmaí agus tiocfaidh siad i bhfeidhm 15 lá ar a laghad tar éis postála. Mar sin féin, beidh éifeacht ag athruithe a dhéanfar ar chúiseanna dlí nó i gcásanna práinneacha (amhail mí-úsáid leanúnach a chosc) láithreach nuair a thabharfar fógra.

  1. Dlí lena Rialaítear; Réiteach Díospóide. Tá na Téarmaí seo faoi rialú ag dlí Shasana, agus géilleann na páirtithe do dhlínse eisiach na gcúirteanna Sasanacha maidir le haon díospóid (cibé conarthach nó neamhchonarthach í) a bhaineann leis na Téarmaí seo.  Má tá an Díoltóir bunaithe i limistéar údaráis infheidhme, féadfaidh an Díoltóir iarratas a dhéanamh chomh maith an idirghabháil  a úsáid chun díospóid le Google a eascraíonn as na Téarmaí seo nó as GMC a réiteach. Is féidir leis an Díoltóir tuilleadh mionsonraí a fháil faoi na hidirghabhálaithe  a bhfuil Google toilteanach dul i ngleic leo agus treoracha maidir leis an gcaoi le hidirghabháil  a iarraidh anseo . Ach amháin de réir mar a éilíonn an dlí infheidhme, bíonn an idirghabháil  deonach agus níl an Díoltóir ná Google faoi cheangal díospóidí a réiteach agus idirghabháil  a úsáid chun é sin a dhéanamh.

  1. Aistriúchán.   Má aistrítear na Téarmaí seo go teanga ar bith eile, a mhéid a cheadaítear faoin dlí is infheidhme, is chun críocha tagartha amháin a bheidh an t-aistriúchán sin ann, agus beidh tosaíocht ag an téacs Béarla i gcás coinbhleachta.

  1. Ilghnéitheach.  (a) Faoi réir Alt 7(b)(ii), is ionann na Téarmaí seo agus comhaontú iomlán na bpáirtithe a bhaineann lena n-ábhar agus gabhann siad in ionad aon chomhaontú roimh ré nó comhaimseartha ar na hábhair sin. (b) Ní fhéadfaidh an Díoltóir aon ráiteas poiblí a dhéanamh maidir leis an ngaol a bheartaítear leis na Téarmaí seo (ach amháin nuair a cheanglaítear é sin de réir an dlí). (c) Seachas mionathruithe ar na Téarmaí le Google faoi Alt 10, ní mór do na páirtithe uile glacadh le haon leasú ar na Téarmaí seo agus ní mór a lua go sainráite go bhfuil na Téarmaí seo á leasú. (d) Ní mór gach fógra foirceanta nó sáraithe a bheith i scríbhinn agus ní mór é a sheoladh chuig Roinn Dlí an pháirtí eile (nó, sa chás nach bhfuil sé ar eolas an bhfuil Roinn Dlí ag an bpáirtí eile, chuig príomhtheagmhálaí an pháirtí eile nó chuig seoladh eile ar taifead). Is fógraí scríofa iad ríomhphoist. Is é legal-notices@google.com an seoladh ríomhphoist le haghaidh fógraí atá á seoladh chuig Roinn Dlí Google.  Beidh gach fógra eile a sheolfar chuig an Díoltóir i scríbhinn agus seolfar chuig seoladh ríomhphoist é a bhaineann le cuntas an Díoltóra.  Beidh gach fógra eile a sheolfar chuig Google i scríbhinn agus seolfar chuig príomhtheagmhálaí an Díoltóra in Google é nó úsáidfear modh eile arna chur ar fáil ag Google. Glacfar leis go bhfuil fógra tugtha  nuair a fhaightear é, mar a dheimhnítear i scríbhinn nó trí mheán leictreonach. Ní bhaineann na ceanglais fógra sin le seirbhís dhlíthiúil an phróisis, atá faoi rialú ag an dlí is infheidhme. (e) Ní chaithfear le ceachtar de na páirtithe mar pháirtí a tharscaoil aon cheart díreach toisc nár fheidhmigh sé/sí aon cheart (ná gur chuir sé/sí moill air) faoi na Téarmaí seo. (f) Má mheastar go bhfuil aon fhoráil de na Téarmaí seo dofheidhmithe, cuirfear deireadh leis an bhforáil sin agus fanfaidh na Téarmaí atá fágtha i lánfheidhm agus i lánéifeacht. (g) Ní fhéadfaidh ceachtar de na páirtithe aon cheann dá c(h)earta ná dá (h)oibleagáidí a shannadh faoi na Téarmaí seo gan toiliú scríofa an pháirtí eile, seachas do chleamhnaí, ach amháin sa chás (I) go n-aontaíonn an sannaí i scríbhinn le bheith faoi cheangal na dTéarmaí seo, (II) go bhfanann an páirtí sannta faoi dhliteanas i leith oibleagáidí faoi na Téarmaí seo má mhainníonn an sannaí iad, agus (III) gur thug an páirtí sannta fógra don pháirtí eile faoin sannadh. Is ar neamhní atá aon iarracht eile chun aistriú nó sannadh a dhéanamh.  (h) Níl aon tairbhí tríú páirtí ag na Téarmaí seo. (i) Ní chruthaítear leis na Téarmaí seo aon ghníomhaireacht, comhpháirtíocht, comhfhiontar nó caidreamh fostaíochta i measc na bpáirtithe. (j) Sáróidh Ailt 1, 4, 6–9 (san áireamh) agus 11–13 (san áireamh) éag nó foirceannadh na dTéarmaí seo. (k) Ní bheidh aon pháirtí ná a C(h)leamhnaithe faoi dhliteanas maidir le mainneachtain nó le moill ar chomhlíonadh a mhéid is cúis le himthosca nach bhfuil smacht réasúnta aige/aici/acu orthu. (l) Ní chuirtear cosc le haon ní sna Téarmaí seo ar aon pháirtí fadhbanna maidir le neamhchomhlíonadh an dlí a chur in iúl d'údarás poiblí ábhartha. Sa mhéid nach dtagann an tAlt 13(l) seo le haon chuid eile de na Téarmaí seo, is é an tAlt seo 13(l) a rialóidh.


Last modified: 1 June 2026 (see prior version )

Google Merchant Center Terms of Service

What’s covered in these terms

We know it’s te mpting to skip these Google Merchant Center Terms of Service, but it’s important to establish what you can expect from us as you use Google Merchant Center, and what we expect from you.

These terms reflect the way Merchant Center works, the laws that apply to our company, and policies designed to ensure a safe and positive experience for our customers . As a result, these terms  help define Google’s relationship with you as you interact with Google Merchant Center. For example, these terms include the following topics:

  • How we use the information you provide to us.
  • What we expect from you , which establishes certain rules for using our services.
  • A description of how we run experiments and betas.
  • A description of what other legal rights and obligations you have and what to expect in case someone violates these terms.

Understanding these terms is important because, to use our services, you must accept these terms.

Besides these terms, we also publish a Privacy Policy .

These Google Merchant Center Terms of Service (“ Terms ”) are entered into by Google Ireland Limited (“ Google ”) and the entity executing these Terms or that accepts these Terms electronically (“ Merchant ”). These Terms govern Merchant’s use of the Google Merchant Center, including related services, features and functionality ( Services ”)  (i) that are accessible through the account(s) given to Merchant in connection with these Terms (“ Accounts ”) or (ii) that incorporate these Terms by reference (collectively, “ GMC ”).  

  1. Using GMC .  Merchant may submit data, feeds or other content (“ Content ”) to GMC using various means, including through Google APIs. Merchant agrees to submit Content in a manner that complies with any instructions or specifications made available to Merchant by Google. Google will only require Merchant to comply with such updated instructions or specifications after providing reasonable notice to Merchant. Google   may make available functionality that permits Merchant to export, link  or transfer  Content from GMC to, or otherwise use Content  from GMC with, another Google service. In tha t case , the terms and conditions of such other Google service will apply with respect to Merchant’s use of such service, provided that Merchant’s use of GMC will continue to be governed by these Terms. If Merchant chooses to use certain optional GMC Services, then Merchant may be required to agree to separate terms that are specific to those Services .  Some GMC Services are identified as “ Beta ” or as otherwise unsupported or confidential (“ Beta Features ”).  Merchant may not disclose any information from or about Beta Features or the terms or existence of any non-public Beta Features.  Google or its A ffiliates may suspend, modify or discontinue Services , including Beta Features, at any time.  For purposes of th ese Terms, “ Affiliate ” means any entity that directly or indirectly controls, is controlled by, or is under common control with Google from time to time.

  1. Account.   Merchant’s use of GMC is subject to creation and approval by Google of one or more Account(s).  In order to verify Accounts, and from time-to-time in connection with Merchant ’s use of GMC , Google may require additional information, including legal entity name, phone number, address and relevant domains. Merchant is responsible for its use of GMC, including all access to and use of Accounts, Content submitted to GMC through Accounts and safeguarding of Account usernames and passwords.

  1. Policies .
  1. Merchant’s use of GMC is subject to ( i ) the applicable Google policies available at https://support.google.com/merchants/topic/7286989?hl=en&ref_topic=7259123 and all other policies made available by Google to Merchant , as may be modified by Google  from time to time (collectively, “ Policies ”), ( ii ) these Terms and ( iii ) Merchant’s compliance with applicable law(s).

  1. In connection with GMC, ( i ) Google will comply with the Google Privacy Policy available at google.com/policies/privacy  (as modified from time to time)  and (ii) t o the extent applicable, Google and Merchant agree to the Google Controller-Controller Data Protection Terms at https://business.safety.google/controllerterms/   or the Google Data Processing Addendum at https://business.safety.google/processorterms/  ( collectively,“ Data Protection Terms ”).  Google will not modify the Data Protection Terms, except as expressly permitted under the Data Protection Terms.

  1. Merchant Content.
  1. Merchant hereby grants to Google an irrevocable, worldwide, royalty - free license to use Content  ( to the extent protected by intellectual property rights) in connection with  Google’s or its Affiliates’ products and services for the maximum duration of such intellectual property rights under applicable law.  Merchant agrees that Google may sublicense these rights to its Affiliates  and contractors performing services for Google or its Affiliates and to Google’s  or its Affiliates users so they can use such Content  in connection with using Google ’s  or its A ffiliates’ products and services.

  1. If Content submitted by Merchant contains URLs or similar content  or if Google signs up for and accesses Merchant’s marketing emails , Merchant hereby grants to Google the right to, access, index, cache or crawl the URL(s) and marketing email(s) and the content available through such URL(s) or marketing email(s)  (“ Destinations ”).  For example, Google may utilize an automated software program to retrieve and analyze websites associated with such URLs and Merchant marketing emails. Merchant  agrees that any content collected by Google or its A ffiliates  from Destinations  will be considered Content  and treated as such in accordance with these Terms.

  1. By using GMC, Merchant authorizes Google to use any trademarks, service marks, trade names, proprietary logos, domain names and any other source or business identifiers in connection with Google's authorized use of Content.
  1. Testing.   Merchant authorizes Google and its A ffiliates to (a) periodically conduct tests that may affect Merchant’s use of Services  (including as relates to Destinations, quality, ranking, performance, formatting or other adjustments)  without notice to Merchant, and (b) automate retrieval and analysis of, and create test credentials to access, Destinations.

  1. Warranties .  
  1. Each party warrants that it has full power and authority to enter into these Terms.
  2. Merchant represents and warrants that:
  1. it holds, and will maintain, the rights to grant the licenses and permissions set forth in Section 4,
  2. it will not provide any Content that violates Policies, applicable law or any applicable privacy policies, or in fringes any third party intellectual property rights ,
  3. it has all necessary rights and consents to make available to Google any information collected from or about an individual that is subject to protection under applicable data privacy or data protection laws or regulations and
  4. the information and authorizations provided by Merchant (inclu ding all necessary product-related disclosures required to display Merchant offers)  are and will remain complete, correct and current.
  1. The parties’ only warranties under these Terms are expressly set out in this Section 6 (Warranties). Subject to Section 7(b) (Exceptions to Limitations), the parties disclaim all conditions, warranties, and other terms not expressly set out in these Terms (including any implied warranties of merchantability or fitness for a particular purpose).
  1. Limitation of Liability .  In this Section 7 (Limitation of Liability), “ Liability ” means any liability, whether under contract, tort (including negligence), or otherwise, and whether or not foreseeable or contemplated by the parties.
  1. Limitations . To the extent permitted by applicable law and subject to Section 7(b) (Exceptions to Limitations):
  1. neither party will have any Liability arising out of or relating to these Terms for any lost revenues or profits (whether direct or indirect); or any special, indirect, incidental or consequential losses (whether or not foreseeable or contemplated by the parties at the date these Terms became effective); and
  2. each party’s total Liability arising out of or relating to these Terms is limited to €25,000.
  1. Exceptions to Limitations . Nothing in these Terms excludes or limits either party’s Liability for:
  1. death or personal injury resulting from its negligence or the negligence of its employees or agents;
  2. fraud or fraudulent misrepresentation;
  3. its obligations under Section 8 (Indemnification); or
  4. matters for which Liability cannot be excluded or limited under applicable law.
  1. Indemnification .  To the extent allowed by applicable law, Merchant will defend and indemnify Google, its A ffiliates, agents and licensors against all liabilities, damages, losses, costs, fees (including legal fees), and expenses relating to any third-party legal proceeding to the extent arising out of or related to Merchant’s Content, Destinations, use of GMC  or  its related Serv ices  or any breach of these Terms by Merchant.

  1. Termination.   Google reserves the right to restrict, suspend or terminate (in whole or in part) Merchant’s access to, or use of, GMC, the Services or the Account(s) upon written notice (or with at least 30 days’ prior notice if required by applicable law) if: (a) Merchant breaches these Terms, any Policies or applicable law(s); (b) Google is required to do so to comply with a legal requirement or a court order; or (c) Google reasonably believes that Merchant’s conduct causes harm or liability to a third party or Google. If Merchant believes its access to GMC, the Services or the Account(s) has been restricted, suspended or terminated in error, Merchant should refer to the appeal process in the Policies. Merchant may terminate these Terms at any time by closing its Account(s) and ceasing to use GMC.  

  1. Changes to Terms .  Google may make non-material changes to these Terms at any time without notice, but Google will provide advance notice of any material changes to these Terms. C hanges to the Terms will not apply retroactively and will become effective at least 15  days after posting. However, changes made for legal reasons or in urgen t situations (such as preventing ongoing abuse)  will be effective immediately upon notice.

  1. Governing Law; Dispute Resolution. These Terms are governed by English law, and the parties submit to the exclusive jurisdiction of the English courts in relation to any dispute (contractual or non-contractual) concerning these Terms.  If Merchant is based in an applicable jurisdiction, Merchant may also apply to resolve a dispute with Google arising in relation to these Terms or GMC through mediation. Merchant can find more details about the mediators Google is willing to engage with and instructions on how to request mediation here . Except as required by applicable law, mediation is voluntary and neither Merchant nor Google is obliged to settle disputes through mediation.

  1. Translation.   If these Terms are translated into any other language, to the fullest extent permitted by applicable law, such translation exists for reference purposes only, and the English text will take precedence in the event of a conflict.

  1. Miscellaneous . (a) Su bject to Section 7(b)(ii), these Terms are the parties’ entire agreement relating to their subject matter and supersede any prior or contemporaneous agreements on those subjects. ( b ) Merchant may not make any public statement regarding the relationship contemplated by these Terms (except when required by law). ( c ) Except for mo difications to the Terms by Google under  Section  10 , any amendment to these Terms must be agreed to by both parties and must expressly state that it is amending these Terms. ( d ) All notices of termination or breach must be in writing and addressed to the other party’s Legal Department (or if it is not known if the other party has a Legal Department then to the other party's primary contact or other address on file). Emails are written notices. The email address for notices being sent to Google’s Legal Department is legal-notices@google.com.  All other notices to Merchant will be in writing and sent to an email address associated with Merchant ’s account.  All other notices to Google will be in writing and addressed to Merchant ’s  primary contact at Google or other method made available by Google. Notice will be treated as given on receipt, as confirmed by written or electronic means. These notice requirements do not apply to legal service of process, which is instead governed by applicable law. ( e ) Neither party will be treated as having waived any rights by not exercising (or by delaying the exercise of) any rights under these Terms. ( f ) If any provision of these Terms is found unenforceable, that provision will be severed and the balance of the Terms will remain in full force and effect. ( g ) Neither party may assign any of its rights or obligations under these Terms without the written consent of the other party, except to an affiliate but only where (I) the assignee agrees in writing to be bound by these Terms, (II) the assigning party remains liable for obligations under these Terms if the assignee defaults on them, and (III) the assigning party has notified the other party of the assignment. Any other attempt to transfer or assign is void .  ( h ) There are no third-party beneficiaries to these Terms. ( i ) These Terms do not create any agency, partnership ,  joint venture or empl oyment relationship  among the parties. ( j ) Sections 1, 4, 6-9 (inclusive)  and  11-1 3  (inclusive) will survive expiration or termination of these Terms. ( k ) No party or its A ffiliates are liable for failure or delay in performance to the extent caused by circumstances beyond its reasonable control. (l) Nothing in th ese Terms  prevents any party from raising issues of non-compliance with the law with any relevant public authority. To the extent this Section 13(l) conflicts with any other part of th ese Terms , this Section 13(l) will govern.


Create a Mobile Website
View Site in Mobile | Classic
Share by: